Scoil Ui Mhuiri, School, Louth, Dunleer
Main menu:
Subjects > Gaeilge
Féachaigí anseo thíos. Táim ag bailiú acmhainní daoibh chun suíomh "One Stop Gaeilge" a chruthú. Má fhaigheann sibh rudaí deasa don leathanach seo, abair liom nó seol ríomhphost chuig sumwebmaster@gmail.com leis an nasc le do thoil. Tá a fhios agaibh go mbeidh ceist nua maidir le Gramadach sa scrúdú (Ard Leibhéal TS)sa bhliain 2010 agus ina dhiaidh sin, agus go bhfuil cúpla rud eile ag athrú maidir leis na marcanna agus maidir leis an mbéaltriail roghnach. Féach anseo:
5ú Bliain Gaeilge!!!
An file
Rugadh Pádraig Mac Suibhne in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall sa
bhliain 1942. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa stair. A shaol
caite aige mar mhúinteoir agus mar mhúinteoir agus mar phríomhoide. I
measc na leabhar dá chuid a folisíodh tá Taibhsí an Chreagáin (1976),
Spaisteoireacht (1988) agus Solas Uaigneach (1992)
An Scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht ó 2012 ar aghaidh
An fiche sraith pictiúr a úsáidfear sa Bhéaltriail Ghaeilge 2013 (Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal)
Páipéir Scrúduithe Samplacha
Faighigí bhur nacmhainní féin.
nó léigí iad seo a leanas. Is féidir iad a íoslódáil freisin:
Teastas Sóisearach Ard Leibhéal
Ag Scríobh leabhrán
Leite Dhonncha Pheig
Díoltas an Mhada Rua
Prós -Ceisteanna
Bríd na nAmhrán
Gaeilge sa Chéad Bhliain
An Dara Bliain G.L.
Ardleibhéal
Litir 1
Litir 2
Béaltriail ArdTeist (LC) 2013 ....
Béaltriail Teastas Sóisireach (JC)
Cuid 1 Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal & cuid 2 Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Bonnleibhéal
Irish Websites - Cliceáil anseo!
Sula v Roimh
Wordsearch - Filíocht 1,
Filíocht 2, Filíocht 3
Cliceáil anseo maidir le freagraí samplaí ó e-xamit.ie
Comhrá Ard leibhéal 2009 2008 2007 2006
Díoltas an Mhada Rua
Éistigí le seo! Cuirigí oraibh na cluasáin! Cluastuiscint
(ICQ Level 1)
Gramadach Logainmneacha Logainmneacha 2
Seomra an Tí Laethanta Saoire Laethanta Saoire 2
na hUimhreacha Litir
Cuir san Ord Cheart Cartaí Poist
Bainigí triail as na cluichí sin. Bígí cúramach!
Tá seans ann go bhfoghlaimeoidh sibh focail nó frásaí nua!!
1. AN AIMSIR
2. AN AIMSIR 2
3. AN AIMSIR : BÉARLA-GAEILGE
4. AN CHISTIN
5. AN SEOMRA SUÍ
6. AN TEACH
7. CONTAETHA NA HÉIREANN
8. CUR SÍOS AR DHAOINE
9. LAETHANTA NA SEACHTAINE 1
10. LAETHANTA NA SEACHTAINE 2
11. LAETHANTA NA SEACHTAINE 3
12. LOGAINMNEACHA
13. NA DATHANNA
14. NA SIOPAÍ
15. NA SIOPAÍ
16. NA HÁBHAIR SCOILE
17. SEOMRAÍ AN TÍ
18. UIMHREACHA PEARSANTA
Wordsearch Filíocht 1 Filíocht 2 Filíocht 3
Ar mhaith libh caint linn? Tá seomra ranga againn ar an Idirlíon!
Cliceáil ar an nasc thuas agus bígí linn!
Nicenet's Internet Classroom Assistant (ICA) allows virtually any classroom, even those with modest resources, access to powerful tools. Everything in Nicenet is offered free for public use, and Nicenet makes no profits from your participation.
Tá ré an fhoréigin buailte linn
Sna blianta atá thart in Éirinn, ba mhinich a bhíodh cogaidh ar siúl idir na ríthe agus na tiarnaí talúin........
Is mó de mhallacht ná de bheannacht é an teicneolaíocht nua
Aontaím go hiomlán leis an rún seo. Is mallacht é an teicneolaíocht nua gan dabht....
Is treise an fuath ná an grá sa domhan faoi láthair
Is fíor a rá go bhfuilfuath agus grá sa domhan faoi láthair. Sna blianta atá thart áfach....
An tairbhe agus an taitneamh a bhain mé as turas go tír iasachta
Fadó, nuair nach raibh a lán airgid ag an ngnáthdhuine, ní bhíodh an oiread céanna ag taisteal thar lear.......
Scrúdaithe-na buntaistí agus na míbhuntáistí
Tá an córas céanna scrúdaithe againn le fada an lá...
Fadhbanna an déagóra sa lá atá inniu ann
Ritheann sé liom go mbíonn fadhbanna ag gach glúin....
Ag Campáil
Bhí mé ag campáil ar mo laethanta saoire anuraidh. Chuaigh mé le mo chlann sa charr go Gaoth Dobhair i dTír Chonaill. Nuair a thángamar chuig an láithreán campála chuaigh mé go dtí an oifig agus labhair mé leis an mbainisteoir.Scríobh síos an comhrá a bhí eathraibh.
Truailliú
Sa lá atá inniu ann tá a lán fadhbanna le fáil sa domhan. Is fadhb mhór é an truailliú anois mar gheall ar an bhforbairt tionsclaíochta........
An nuachtán laethúil
Tá an nuachtán laethúil an tábhachtach sa lá atá inniu ann. Bíonn beagnach gach duine ag tnúth leis ar maidin ........
Díospóireacht
Rún: Daoine óga agus daoine fásta - is beag tuiscint atá acu dá chéile
A chathaoirligh, a mholtóirí agus a lucht éisteachta, an rún atá á phlé againn inniu ná nach dtuigeann daoine fásta agus daoine óga a chéile sa lá atá inniu ann. Tá mise agus mo fhoireann ar son an rúin agus taispeánfaimid daoibh go bhfuil sé fíor.
Chuala sibh go léir rudaí seafóideacha ó fhoireann Choláiste Eoin ach ná tugaigí aird orthu mar níl tuairim acu.Is fíor go mbíonn easpa tuisceana ag daoine óga agus daoine fásta dá chéile. Tarlaíonn sé sin i ngach glúin ach ní raibh sé riamh chomh fíor is atá sé anois. Tá a lán cúiseanna leis seo ach sílim gurb í an chúis is mó ná go bhfuil difríocht an-mhór idir an saol anois agus an saol tríocha bliain ó shin.
Tá sé deacair do dhaoine fásta an oiread saoirse is atá ag daoine óga inniu a thuiscint. Tá saoirse acu na hábhair ar mhaith leo a dhéanamh ar scoil a roghnú mar múintear ábhair éagsúla anois nach raibh ann fadó. Is féidir leo a rogha éadaí a chaitheamh agus a rogha spórt a imirt.Téann siad chuig dioscónna mar pháistí óga. Tá saoirse acu neart taistil a dhéanamh anois. Ní bhíodh na deiseanna taistil sin ar ár sinsear fadó - pointe nach dtuigeann an fhoireann eile.
Fadó d'fhanadh na mná sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí ach anois tá deiseann céanna ag fir agus ag mná. Oibríonn formhór na mban taobh amuigh den teach sa lá atá inniu ann.Bíonn go leor fadhbanna ag daoine óga inniu nach raibh ag a dtuismitheoirí. Cuirtear brú orthu óna gcairde a bheith sa bhfaisean agus bíonn brú orthu drugaí agus deochanna meisciúla a thógáil.Sin iad na cúiseanna is mó gur beag í an tuiscint atá acu dá chéile.
A chathaoirligh, a mholtóirí agus a lucht éisteachta, tá mé cinnte go gcreideann sibh mise agus nach gcreideann sibh an fhoireann eile. Go raibh míle maith agaibh, a chairde go léir.
Litir Fhoirmiúil
Arásán a Sé
Ros na Rún
Co. na Gaillimhe
17 Iúil 2009
A Eagarthóir, a chara
Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh mar gheall ar ábhar seo na ríomhairí. Aontaím le húdar an ailt faoi bhaol an ríomhaire, is é sin, go gcaitheann daoine óga an iomarca ama ag imirt cluichí ríomhaire agus go n-éiríonn siad leisciúil.
Pointe eile a luaigh sé faoi chontúirt an ríomhaire ná an cibearspás. Buaileann daoine le chéile sa chibearspás ach uaireanta is daoine contúirteacha nó olca iad. Ní mór do dhéagóirí a bheith fíorchúramach cé leis a mbíonn siad ag caint.Luaigh an tUasal Mac Gearailt aon bhuntáiste amháin a bhaineann le ríomhairí.
Is féidir le déagóirí an lae inniu an-chuid ama a chaitheamh ag éisteacht le ceol ar an ríomhaire, ag íoslódáil ceoil agus ag ceannach ticéid do cheolchoirmeacha ar an Idirlíon. Sílim go bhfuil pointe eile faoin ríomhaire atá an-tábhachtach ná go bhfuil an tIdirlíon cosúil le leabharlann. Tá chuile eolas ar fáil ar bhrú cnaipe. Cuardaítear eolas faoi ábhair éagsúla ar an Idirlíon ó mhaidin go hoíche, ó cheann ceann na bliana.
Maidir liom féin go pearsanta is dóigh liom gurb iontach an áis é an ríomhaire. Coinním comhaid phearsanta air agus ar ndóigh cabhraíonn an Spellcheck liom le m'obair bhaile.
Mise le meas
Seán Ó Bhroin
Nóta Gearr
A MhaimTá mé ag dul go dtí an Club Óige anois. Fuair mé teacs ó Anna. Beidh mo chairde go léir ann. Tá sé ag stealladh báistí. Thóg mé liom do scáth báistí. Tá súil agam go bhfuil sé sin ceart go leor! Gheobhaidh mé bus abhaile. Beidh me sa bhaile ag 10.30 anocht.do mhac, Calum.
1. Cé dó an nóta seo?
2. Cá bhfuil Calum ag dul?
3. Cé a bheidh ann?
4. Conas atá an aimsir?
5. Conas a thiocfaidh sé abhaile?
Aiste faoi do laethanta saoire
Mo laethanta saoire
Turas go ____________. Bhuaigh mo Dhaid turas go _______________ don teaghlach sa chrannchur sa chumann peile aitiúil. Bhí an t-ádh leis agus bhí athas an domhain orainn nuair a chualamar an scéal!
Ag tús an tsamhraidh mar sin, thug an ceathrar againn, me féin, mo thuismitheoirí agus mo dheartháir Colm aghaidh ar Los Angeles, sna Stáit Aontaithe. D'fheach mé ar an Idirlíon roimh ré agus chonaic mé go bhfuil a lán le déanamh ann. Pé scéal é bhí mé ag tnúth le dul ann. Cheannaíomar éadaí nua samhraidh agus uachtar gréine mar bhí a fhios againn go mbeadh sé an-te ann sa samhradh.
Thógamar an t-eitleán ó aerphort Bhaile Atha Cliath aus shroicheamar aerfort LA tar éis eitilt 10 uair an chloig. Bhí tuirse taistil scairdeitleáin orainn ar fad ach sinn fós ar bís. Fuaireamar carr ar cíos san aerfort, agus thaistealaíomar timpeall ó áit go háit. Bhí an carr an-mhór agus an-chompordach agus bhí na bóithre ar fheabhas. Bhí ríméad orainn. Labhair Daid i gcanúint Mheiriceánach le lucht an gharásite agus é ag cur gáis sa Chevrolet. Bhí Mamaí ag gáire faoi ach bhí náire ormsa agus ar Cholm.
D'fhanamar in óstán cúig réalt agus bhí sé an-deas ar fad. Bhí an bia gan locht, blasta agus go leor de ann. Bhí na seomraí codlata an-mhór, le leapacha boga, teilifíseán, seomraí folctha móra, cuisneoir, beár bheag agus radhairc iontacha ó fhuinneoga na seomraí. Bhí gliondar orainn. Bhí rogha mhaith siopaí i ngach cathair. Chaith mé féin agus mo mháthair a lán ama ag dul ó shiopa go siopa.
Gheall mé dom féin go dtiocfainn ar ais agus go mbeadh mo charr féin agam ar cíos agus go dtiomáinfinn ó chósta thiar Mheiriceá go cósta thoir Mheiriceá.Bhaineamar an-taitneamh as an tsaoire iontach agus thángamar abhaile go sona sásta agus ar cipíní ag iarraidh ár scealta a insint dár gcairde go léir. (312 Focal)
Litir - Inimirceach as an bPolainn in Éirinn
3 Bóthar na Carraige
Ceann Clochair
Droichead Atha
Co. Lú
15 An Samhain 2009
A Edita, a chara
Agada anseo. Conas at atá sibh go léir sa Pholainn? Tá mé féin agus an teaghlach ar fad go maith. Conas a d'éirigh leat sa scrúdú an mhí seo caite? Airím uaim an baile agus muintir an bhaile ach tá an saol go breá anseo in Éirinn. Míle buíochas as ucht an chárta a chuir tú chugam do mo lá breithe.
Bhuel, bhí mo bhreithlá ann inné agus bhí lá iontach agam. Bhí mé ag tnúth leis an lá le fada. Bhí mé ar bís nuair a tháinig an seachtú lá déag. Thug mo thuismitheoirí Ipod nua mar bhronntanas dom. Chuir Mamó glaoch orm as Lodz. Tháinig mo chairde Thomas, Maria agus Seán go dtí mo theach ag a deich a chlog. Fuaireamar síob go dtí Droichead Atha.
Shocraíomar dul ag siopadóireacht ar dtús. Cheannaigh mé éadaí nua agus bróga reatha nua a raibh mo shúil agam orthu ó chonaic mé iad cúpla seachtain ó shin. Tar éis bheith ag dul ó shiopa go siopa bhí tuirse orainn agus bhí ocras an domhain orainn freisin. Chuamar go dtí bialann deas agus d'itheamar ar ndóthain ann.
D'fhágamar an bhialann agus chuamar go dtí an phictiúrlann. Cheannaigh mo chairde na ticéid ag an mbothán agus chuamar isteach sa halla mór dorcha. Thosaigh an scannán ag leathuair tar éis a dó agus chríochnaigh sé ag a ceathair. Thaitin sé liom ach níor thaitin sé le Maria. Cheap sí go raibh an iomarca foréigin ann.
Chuamar abhaile agus bhí béile deas ullmhaithe ag mo mháthair dúinn ar fad. Bhí cóisir againn an oíche sin le caint, ceol agus craic - mar a deir siad in Éirinn. Chuaigh mo chairde abhaile ag meán-oíche. Thóg mo dheirfiúr go leor grianghraf agus seolfaidh mé cúpla ceann chugat.Buailfidh mé leat i gceann tamaill nuair a rachaimid abhaile don Nollaig.
Táim ag tnúth go mór le laethanta saoire na Nollag.
Slán go fóill,
Do chara
Agada
Aiste-Scannán Iontach a Chonaic Mé
An deireadh seachtaine seo caite shocraigh mé féin agus mo chairde ar oíche scannánaíochta a eagrú. Tháinig gach éinne go dtí mo theachsa agus bhí an rogha agamsa. Roghnaigh mé an scannán ___________. Tuigim gur seanscannán anois é ach is ceann clasaiceach é. Taitníonn scéal an scannáin go mór liom. Is maith liom ceol draíochtúil an scannáin seo agus táim i ngrá leis an aisteoir ______________.
Bhí an seomra suite cóirithe mar phictiúrlann, le teilifíseán sa chúinne agus suíocháin do mo chairde. Dhún mé na cuirtíní agus mhúch mé na soilse. Bhí bia ar an mbord os ár gcomhair, grán rósta, buidéil cóc agus bosca mór seacláidí. Bhrúigh mé an cnaipe agus chuir mé tús leis an scannán.B'iad ___________ agus ___________ na príomhaisteoirí. Bhí _________ ina stiúrthóir air. Bhí an scéal suite ar /i _____________. Dráma den scoth a bhí ann. (Bhuail fear óg agus cailín óg le chéile agus thit siad i ngrá. Shábháil an laoch an cailín....I rith an scannáin theastaigh ón bheirt a bheith le chéile ach bhí daoine eile ag iarraidh iad a a choinneáil ó chéile)Bhí míreanna iontacha ann. Ag deireadh an scéil... Bhí ceo an scannán ar fheabhas.
Cheap mé go raibh sé beagán fada agus leadránach in áiteanna ach tríd is tríd thaitin sé go mór liom. Bhí sár-aisteoireacht ann agus bhí na maisithe speisialta dochreidte. Bhíomar go léir ag caoineadh nuair a bhí sé críochnaithe. Dúirt na cailíní go raibh sé an-rómaánsúil ar fad. Bhí an scannán suimiúil agus éasca a leanúint. Mholfainn daoibh é a fheiceáil.
Teilifís le Gabriel Rosenstock (faoi m'iníon Saffron)
Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi
An féidir argóint le beainínDhá bhliain go leith?
Síos linn le chéile
Níor bhacas fiú le gléasadh
Is bhí an seomra préachta
Gan solas fós sa spéir
Stánamar le hiontas ar scáileán bán.
Anois! Sásta!Ach chonaic sise sneachta
Is sioráf tríd an sneachta
Is ulchabhán Artach
Ag faoileáil os a chionn.
Focail ón dán:beainín - cailín, préachta - an fhuar,
scáileán bán - teilifíseán, ag faoileáil - ag eitilt.
Mothúcháin
Is léir go bhfuil grá mór ag an bhfile dá iníon Saffron a bhí dhá bhliain go leith nuair a tharla an eachtra seo. Cé go raibh an file sa leaba nuair a d’iarr sí air dul síos an staighre léi, ní raibh sé in ann í a dhiúltú.Is duine tuisceanach, grámhar é an file agus cé gur duine fásta é, géileann sé dá pháiste.Feicimid an páiste soineanta ag breathnú ar scáileán bán agus í ag samhlú go bhfeiceann sí an-chuid rudaí. Éisteann an file leis an gcailín nuair a léíríonn sí na rudaí a fhéachann sí ar an scáileán bán. Tá sé an-soiléir go bhfuil an bheirt acu an-cheanúil ar a chéile.
Íomhánna
Úsáideann an file íomhánna áille nuair a dhéanann sé cur síos ar an ócáid ghreannmhar seo. Deir sé gur thug a iníon bheag ordú dó dul síos staighre in éineacht léi mar theastaigh uaithi féachaint ar an teilifís. Cé go raibh se dorcha agus fuar, thug sé cead a cinn di mar bhí a fhios aici nárbh fhiú cur ina coinne:Ar a cúig a chlog ar maidinTheastaigh an teilifís uaithiAn féidir argóint le beainínDhá bhliain go leith?D’fhéach an bheirt acu ar an teilifíseán ach ní raibh clár ar bith ar siúl fós. Ní raibh aon rud le feiceáil ach na mílte spotaí ag bogadh go tapaidh timpeall an scáileáin. Ach cé nar thug an file aon rud faoi deara, chonaic an naíonán sneachta agus ainmhithe eagsúla a chruthaigh sí ina samhlaíocht féin:Ach chonaic sise sneachtaIs sioráf tríd an sneachtaIs ulchabhán ArtachAg faoileáilOs a chionn.
Rinne mé staidéar ar an dán Teilifís le Gabriel Rosenstock i rith mo chúrsa.
Measaim go bhfuil an téama cion ag an bhfile ar dhuine áirithe le feiceáil go soiléir sa dán seo. Insíonn an file dúinn faoi eachtra bheag a tharla nuair a bhí an iníon Saffron an-óg. Deir sé linn gur tháinig sí isteach chuige sa seomra codlata maidin amháin agus go ndúirt sí leis gur theastaigh uaithi dul síos an staighre chun clár teilifíse a fheiceáil. Bhí a fhios ag an bhfile nárbh fhiú dó duiltiú don bhean bheag cheanndána seo agus thug sé cead a cinn di. Is é an grá mór atá ag an athair dá iníon Saffron an mothúchán is láidre sa dán.
An Blascaod Mór Anois le Máire Aine Nic Ghearailt
D'imigh na daoine leo
Amach chun na míntíre
Tá 'n Blascaod ciúin anois
Leis féin os cionn na taoide.
Is cuimhin leis páistí beaga
Ag súgradh ar an trá
Is naomhóga ag iascaireacht
Amuigh go domhain sa bhá.
Daoine ag insint scéalta
Cois tine mall san oíche
Ceol a sheinnt ar veidhlín
Ní chloisfear arís é choíche.
Ach b'fhéidir go bhfuil taibhsí
Ag insint scéal nó dhó
Cois tine ar an mBlascaod
Faoin saol a bhí ann fadó.
Focail ón dán:chun na míntíre - chun an mórthír, naomhóga - curacha,
mall - go déanach, choíche - go deo, taibhsí - púcaí
Rinne mé staidéar ar an dán An Blascaod Mór Anois le Máire Áine Nic Gearailt.
Sílim go bhfuil an téama uaigneas i gceist sa dán seo. Insíonn an file dúinn faoin oileán cáiliúil seo atá tréigthe(abandoned)anois. Bhí daoine ina gcónaí ann fós leathchéad bliain ó shin ach nuair a bhí theip ar an iascaireacht agus nuair a bhí bia agus riachtanais eile an tsaoil agéírí gann, bhí orthu é a fhágáíl:
D'imigh na daoine leo
Amach chun na míntíre
Tá 'n Blascaod ciúin anois
Leis féin os cionn na taoide.
Déanann an file pearsantú ar an oileán nuair a deir sí go bhfuil sé ina thost anois agus go bhfuil sé cosúil le sean duine ag cuimhneamh siar ar an an am nuair a bhí an t-oileán faoi bhláth. Is cuimhin leis na seanlaethanta nuair a bhí páistí a dtógáil ar an mBlascaod agus nuair a bhí pobal an oileáin in ann brath ar an iascaireacht chun maireactála:
Is cuimhin leis páistí beaga
Ag súgradh ar an trá
Is naomhóga ag iascaireacht
Amuigh go domhain sa bhá.
Sa deireadh theip ar an tslí bheatha sin agus d'fhág na daoine slán ag an oileán. Bhí deireadh leis an gcuid sin den seanchultúr Gaelach a bhí beo beathach ar an oileán go dtí tús na gcaogaidí. Tá an t-oileán mar a bheadh duine uaigneach, aonarach anois agus tá taibhsí agus tithe tréigthe mar chuideachta aige:
Ach b'fhéidir go bhfuil taibhsí
Ag insint scéal nó dhó
Cois tine ar an mBlascaod
Faoin saol a bhí ann fadó.
Is léir, mar sin, go bhfuil téama an uaignis agus scéal truamhéalach an Bhlascaoid Mhóir fite fuaite lena chéile sa dán seo.
An tOide le Séamas Ó hAodha
Uasal ceird an oide:
Mar rí ar imeall trá
Chuir ar toinn na soithigh
'S sheol go hoscailt bá.
Aoibhinn ceird an oide:
Mar gharnóir lá Iúil
D'aistrigh sciamh na scoithe
Ó ghrianán go húir.
Uaigneach ceird an oide:
Mar mháithrín léi féin
Tar éis imeacht a clainne
Thar tairsigh i gcéin.
Focail ón dán: ceird - post, na soithigh - na longa, mar gharnóir - mar gharraíodóir,
sciamh na scoithe - bláth álainn, thar tairsigh i gcéin - d'fhág siad an baile.
Rinne mé staidéar ar an dán "An tOide" le Séamas Ó hAodha
i rith mo chúrsa. Measaim go mbaineann an dán seo le téama na scoile.Sa dán gearr seo molann an file ceird an mhúinteora. Is dócha go mbíonn cuimhne ag daoine, idir óg agus aosta, ar mhúinteoir a raibh cion acu air/uirthi, nó a chuaigh i gcion orthu ar chúiseanna éagsúla.
Is léir go bhfuil meas mór ag an bhfile ar ghairm an mhúinteora mar sa chéad véarsa, cuireann sé an ghairm seo i gcomparáid le rí uasal atá lách agus tuisceanach le daoine atá faoina chúram. Tugann sé tacaíocht agus treoir dóibh suls n-imíonn siad amach sa domhan mór.
Sa dara véarsa déanann an file comparáid idir gairm an oide agus garnóir a thugann aire dá chuid plandaí i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an aimsir go hainnis. Cuireann sé sa teach gloine iad mar is maith is eol dó go mbeidh siad i mbaol lasmuigh. Tuigeann an t-oide go gcaithfidh sé aire a thabhairt dá chuid daltaí.
Sa véarsa deireanach deir an file go bhfuil an t-oide mar a bheadh tuimitheoir ag fágáil slán leis na páistí a thóg sí. Tugann an t-oide aire mhaith do na páistí agus imíonn siad uaidh sa deireadh faoi mar a imíonn sia óna dteaghlaigh féin. Bíonn brón agus uaigneas ar mháthair nuair a imíonn a cuid páistí agus is é an dála céanna ag an oide é. Is féidir a rá mar sin go bhfuil baint mhór ag téama na scoile leis an dán seo.
Stradivarius le Seán Mac Fheorais
Do tharla lá, trí sheans mall Dé,
I siopa sean-earraí
Go bhfaca Kreisler seanveidhlín
Faoi smúit na mblian 'na luí.
Is d'fhiafraigh sé:"An luachmhar é?"
Is labhair an reiceadóir:
"Tóg chugat an gléas is múscail é,
'S ná luaigh a luach go fóill".
Do theann sé téada an veidhlín chiúin,
Do lasc air trasna an bogha
Gur scaoileadh streancán magúil mear
Is seantiúin uaigneach mall.
Trí dhoras ársa an árais úd,
Anall trí cheo na mblian,
Ag traill ón uaigh do phlódaigh slua
Nuair ghlaoigh an seanveidhlín.
Lasmuigh sa ród do stad an glór,
Gach beo faoi dhraíocht sa gceol,
Do thost gach céim, do reoigh gach béal
Is cheolaigh sárcheoltóir.
Róluath do lig sé uaidh an bogha,
Do leáigh macalla an cheoil
Gur leath arís sean-tóir an lae
Go fuadrach fan an róid.
"Ó tóg an gléas mar fhéirín uaim,"
A dúirt an reiceadóir,
"Ní cuí a choimeád anseo 'na thost,
Ach buanaigh air do cheol".
Focail ón dán:ársa - sean, mar fhéírín - mar bhronntanas, an reiceadóir - an siopadóir, is múscail é - dúisigh é, do lasc air trasna an bogha - tharraing sé an bogha trasna na dtéad, streancán - píosa ceoil, do reoigh gach béal - bhí gach éinne ciúin, cheolaigh - sheinn/chas, do leáigh - múchadh é, sean-tóir an lae - gnáthfhuaimeanna an lae, buanaigh air do cheol - bí ag seinm do chuid ceoil air.
Subh Milis le Séamas Ó Néill
Bhí subh mhilis
ar bhaschrann an dorais,
ach mhúch mé an corraí
ionam a d'éirigh.
Mar smaoinigh mé ar an lá
a bheas an bhaschrann glan,
agus an lámh bheag
ar iarraidh.
An Tigh Nua le Seán Mac Fheorais
Nuair a bhíomar óg,
mé féin is mo chéile
'S ag tuirsiú suas an bóthar sléibhe,
Ar gclann óg mheidhreach ag éirí líonmhar,
Bhí an tigh beag cúng gan dóthain slí ann.
Líonas an stoca de scilleacha spártha
Gur thógas an tigh seo, seomrach, spásach,
Ach tá sé folamh, och tá 'gus uaigneach
Mar d'fhás ár gclann is d'imigh ar fuaidreamh
Focail as an dán: ag tuirsiú - ag dreapadh, meidhreach - gealghaireach,
líonmhar - ag méadú, cúng - beag, líonas - líon mé, scilleacha spártha - roinnt airgid bhreise, spásach - neart spáis ann, ar fuaidreamh - imithe i bhfad ó bhaile.
Duilleoga ar an Life le Séamas Ó Néill
Duilleoga ar snámh,
Donn, geal is rua,
Ar abhainn na Life,
Ag seoladh le sruth.
Spréigh siad brat glas
Ar bharra na gcrann,
Ar fud cuibhreann is coillte,
I bhfad, i bhfad ó shin ann.
Duilleoga ar snámh,
Lá ceoch fómhair,
Ag iompar na háilleachta
Trí shráideanna dobhair.
Focail as an dán: cuibhreann - páirc, dobhair - dorcha.
M'Uncail le Seán Mac Fheorais
Níor bhuair sé mé le gaois na leabhar,
Ná fiú le gaois an tsaoil,
Ach mhúin sé dhom
Feadóg a dhéanamh den fhuinseoig,
Is cléibhín slatach d'fhí a cheapfadh lon
Le linn an tseaca;
Thaispeáin sé dhom casán an choinín
Tríd an gclaí,
Is d'fheistigh liom an dol
A cheap é roimh an ngréin;
Do ghléas sé liom an dorú gearr
A shrianaigh dhom an eascú lúbach;
Is chuir sé orm lámha
A bhailíodh bric as sruth-
Leas-ghnóthaí beaga dúthaí
A dhearmadas le blianta
Ach bhrúcht siad suas im scornaigh
Nuair a theann na fir sa tost faoin uaigh
Ag sluaistiú cré ar a chónair.
Focail as an dán:Níor bhuair sé - níor chraigh sé, gaois - eolas,
fuinseog - ash tree, cléibhín - ciseán, d'fhí - to weave, d'fhostaigh sé - chóirigh sé,
sruth - sruthán, tost - ciúnas, ar a chónair - on his coffin.
Míniú
Nuair a bhí an file an-óg fuair a athair bás. Chaith sé a óige i dteach a uncail. Bhí a uncail ina athair dó. Rinne sé ionad athar dó. Chaith an file a lán ama leis. Cheap an file go raibh a uncail an-suimiúil. D'fhoghlaim sé a lán rudaí uaidh faoin stair, faoin litríocht agus faoin nádúr. Sa dán seo tá an file ina fhear ina sheasamh ar bhruach uaigh a uncail. Tá na daoine thart timpeall na huaighe ina dtost.
Tosaíonn sé ag machnamh. Smaoiníonn sé ar a uncail. Cuimhníonn sé ar a óige féin agus ar na rudaí a mhúin agus a thaispeáin a uncail dó. D'fhoghlaim an buachaill rudaí iontacha óna uncail. Bheadh suim ag aon bhuachaill sna rudaí a mhúin sé dó. Ach cé gur bhain an file taitneamh agus spórt as na rudaí a thaispeáin a uncail dó, nuair a bhí sé ina fhear, ní raibh siad tábhachtach dó.
Mhúin a uncail dó conas feadóg a dhéanamh den bhfuinseoig. Mhúin sé dó conas tigín beag a dhéanamh de phíosaí adhmaid a bhéarfaidh ar éan. Thaispeáin sé dó an áít ar rith an coinín tríd an gclaí. Rinne sé gaiste dó a rug ar an gcoinín roimh éírí na gréine. D'ullmhaigh sé dó an téadán iascaigh a rug ar an eascú. Mhúin sé dó conas breith ar bhric lena lámha.
Tuigeann sé go raibh míniú speisialta ag baint leis na rudaí a mhúin a uncail dó. Thaispeáin an t-am a chaith a uncail leis an bhfile ag déanamh na "leas-ghnóthaí beaga dúthaí" go raibh grá aige dó. Cheap a uncail go raibh an buachaill féin tábhachtach agus gurbh fhiú am a chaitheann leis. Tá brón ar an bhfile go bhfuil a uncail cineálta marbh.
Seoda le Máirtín Ó Díreáin
Saol an chipín ag dul le sruth
Saol an néill éagrothaigh,
Saol an bhíoga ar ghnúis ainnire,
Saol an mhaide gréine um nóin,
Saol an chubhair ar dhroim easa:
Seoda ab áil liom i mo stór,
Is cé nach gcuirfid lón faoi mo chom,
Ní chruinneofar a malairt liom.
Focail ón dán: néal - scamall, cipín - little stick, ar ghnúis - ar aghaidh,
ainnir - cailín, eas - waterfall, seoda - clocha luachmhara, ab áil - is maith,
com - waist, malairt - opposite.
An File
Rugadh an file Máirtín Ó Díreáin in Inis Mór, ceann d'Olieáin Árann, i 1910. D'fhág sé an t-oileán i 1928 agus thosaigh sé ag obair in Ard Oifig an Phoist i gcathair na Gaillimhe. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath i 1937 agus thosaigh sé ag obair sa Roinn Oideachais. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1988.
Míniú
Is rud spioradálta í an áilleacht. Ní mhaireann sí ach ar feadh tamaillín bhig. Tá rudaí áirithe ag teastáíl ón gcorp, mar shampla bia agus éadaí. Tá na rudaí seo riachtanach don chorp. Mura mbeadh na rudaí seo ag duine gheobhadh sé bás.
Ach má chuireann duine an bhéim(emphasis)orthu agus má dhéanann sé dearmad ar a spiorad nó ar a anam, ní thuigfidh sé áilleacht an domhain seo nó áílleacht an tsaoil seo.Ní féidir na rudaí a luann an file sa dán seo a cheannach. Tá siad saor. Tá siad ann le haghaidh gach duine. Is féidir le gach duine iad a fheiceáil nó iad a mhothú nó iad a thabhairt faoi deara.
Is seoid iad gach rud a luann an file:píosa beag adhmaid ar barr abhann, cruth scamaill sa spéir, miongháire ar aghaidh chailín, ga gréine agus cúr easa. Tá siad go léir luachmhar. Tá luach ag baint leo mar mhothaímid an áilleacht iontu. Ach tá cailíocht amháin ag baint le gach ceann de na rudaí a luann an file: ní mhaireann siad ach ar feadh tamaill bhig.
Tá gach ceann neamhbhuan (transient).Tá a fhios ag an bhfile nach gcuireann na seoda sin bia ina bholg:"Is cé nach gcuirfid lón faoi mo chom"Ach mar sin féin tugann sé tú áite (first place) dóibh ina shaol:"Seoda ab áil liom i mo stór".Ní chuireann an file spéis i rudaí ábhartha (material things). Is iad na seoda a luann sé sa dán na rudaí is tábhachtaí dó.